Sórtáil
Is féidir an bunachar a bhrabhsáil go haibítreach. Tugtar ceithre (eochair) rogha shórtála:
- Lomfhoirm: Foirm an tuisil ainmnigh den sloinne lúide gach réimír, alt agus athrú tosaigh. Foirm nuálach inscne-neodrach í seo a forbraíodh don tionscadal seo.
- Bunfhoirm: Foirm fhireann an tsloinne sa tuiseal ainmneach.
- Gnáthfhoirm: Gnáthfhoirm an tsloinne sa tuiseal ainmneach, san fhoirm don fhear, don bhean chéile nó don iníon.
- Fréamhfhoirm: An t-ainm pearsanta óna n-eascraíonn an sloinne. Úsáideann muidne é seo mar theideal léacsach ar gach braisle sloinnte.
Sampla
Lomfhoirm | Bunfhoirm | Gnáthfhoirm | Fréamhfhoirm | |
---|---|---|---|---|
Fear | Briain | Ó Briain | Ó Briain | Brian |
Bean chéile | Briain | Ó Briain | Uí Bhriain | Brian |
Iníon | Briain | Ó Briain | Ní Bhriain | Brian |