Gaois

Na cineálacha éagsúla feamainne agus an leigheas atá iontu

Tá an-chuid cineálacha éagsúla feamainne ann, ach is iad ceilp, carraigín, duileasc agus dúlamán na ceithre cinn is minice a ndéantar trácht orthu i mBailiúchán na Scol. Tuigtear go forleathan an úsáid a bhaintear as feamainn i leith prátaí agus glasraí a fhás, ach seans go dtiocfaidh sibh ar chúpla bealach nua le feamainn a úsáid i roinnt de na scéalta thíos.

An Bailiúchán Grianghraf, B039.19.00009

Ceilp

Tá dhá bhrí éagsúla leis an bhfocal ‘ceilp’: 1. feamainn dhonn, 2. téarma a úsáideadh sa tseanaimsir mar chur síos ar luaith (luaith shóide) a d’eascair as cineálacha éagsúla feamainne a dhó. Déantar tagairt don dá bhrí sin ar dúchas.ie.

Só-earra atá i ngallúnach cheilp na laethanta seo ach tá feamainn in úsáid le tamall maith blianta le gallúnach a dhéanamh. Is léir ón scéal seo as Baile Brigín, BÁC, gur nós é a bhaineann leis an tír go forleathan, seachas leis an gcósta thiar amháin.

Dúlamán

Feamainn dhonn a fhásann ar charraigeacha agus atá an-choitianta. Is fearr dúlamán a bhailiú i ndiaidh an chéad seaca throim suas go dtí deireadh an Mhárta dar leis an scéal seo.

Úsáidtear an téarma ‘dúlamán’ go minic mar chur síos ar fheamainn go ginearálta chomh maith, feamainn bhoilgíneach (nó dúlamán na gclog) san áireamh. Ní fheadar arbh í an fheamainn chéanna í, nó rufa, a úsáideadh leis an aimsir a thuar roimh ré Met Éireann.

Má bhí an t-ádh ort riamh folcadán feamainne a bheith agat, is dócha gurb í an mhíoránach a bhí mar chomhluadar sa tobán agat!

Carraigín

Feamainn dhearg chruachaol atá i gceist anseo, a úsáidtear chun glóthach a dhéanamh. Luaitear san oideas seo go mbeirtear i mbainne é, déantar é a scagadh agus fágtar ar feadh tamaill é sula gcuirtear siúcra air. Tá panna cotta na mara baiste againn air (ach molaimid é a ghlanadh ar dtús le fáil réidh le cuid den salann!)

Duileasc

Feamainn dhearg eile atá sa duileasc ach tá duilleoga níos faide agus níos tibhe aige ná atá ag an gcarraigín. Deirtear sa scéal seo nach bhfuil sé blasta. Níor aontaigh muintir na hIarmhí leis sin, áfach, agus luaitear anseo gur leigheas ‘pléisiúrtha’ a bhí ann le fáil réidh le péisteanna ribíneacha!

Feamainn mar chóir leighis

Ba sa bhliain 1811 a thángthas ar iaidín den chéad uair, agus deirtear gur san fheamainn bhoilgíneach a aimsíodh é. Is mianra riachtanach é iaidín, ceann nach féidir leis an gcorp a dhéanamh é féin, agus atá an-tábhachtach do rialú na faireoige tíoróidí agus do na hormóin a bhaineann léi. Tá feamainn lán de mhianraí agus vitimíní eile chomh maith. Is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol gur aithin daoine an nasc seo sa chaoi ar úsáideadh feamainn mar leigheas ar thinneas a bhfuil baint aige le leibhéil ísle mianraí nó vitimíní a bheith ar dhuine.

Is léir ó na scéalta ar dúchas.ie gur ina fhoirm nádúrtha ba mhó a baineadh úsáid as an iaidín, i.e. mar fheamainn. Tá tagairtí ann chomh maith maidir le bailiú feamainne agus í a sheoladh chuig monarchana leis an iaidín a bhaint aisti. Ní i gcónaí, áfach, a bhí an pobal ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí, nó ‘Secret Works’, mar a thugtar orthu sa scéal seo.

Moltar an fheamainn mar leigheas ar thinneas ó bhun go barr an choirp, ó chosa nimhneacha go tinneas fiacaile. Tá seans, áfach, nárbh é an t-iaidín amháin a bhí freagrach as an bpian a leigheas nó a laghdú. Luaitear an fheamainn bhoilgíneach agus rufa (tagairt déanta dó mar ‘blistered seaweed’) go sonrach mar leigheas ar na daitheacha. Tá sé spéisiúil cuimhneamh gur comharthaí iad pianta agus crampaí sna géaga i leith easpa cailciam agus go bhfuil cailciam le fáil sa dá chineál feamainne sin. Tá leibhéil níos airde le fáil i rufa ná mar atá i bhformhór cineálacha feamainne eile.

Moladh cosa a ní le feamainn agus í a chur ar an droim le pian a laghdú. Tuigtear anois go gcabhraíonn maignéisiam, mianra eile atá le fáil i bhfeamainn, leis na matáin feidhmiú mar is ceart.

An Bailiúchán Grianghraf, B039.01.00013

Mar aon le tinnis sna matáin agus sna hailt, luaitear an fheamainn mar chóir leighis d’fhadhbanna a bhaineann leis an gcóras díleá agus riospráide.

Deirtear gur athbhríoch iontach atá sa charraigín má tá drochbholg ort. Luaitear i scéal eile gur leigheas maith atá i nduileasc ar phéisteanna sa bholg. Fágadh na sliogáin ceangailte leis an bhfeamainn mar fhianaise gur fíordhuileasc a bhí ann agus é á dhíol mar chóir leighis don iatacht.

Is foinse since é carraigín, mianra a thacaíonn leis an gcóras imdhíonachta. Luaitear carraigín go minic ar dúchas.ie maidir le galair a bhaineann leis an gcóras riospráide. Moltar é a bheiriú le líomóid agus a ól mar leigheas ar shlaghdán agus casacht. Is léir gur cuireadh an-luach air mar deir údar an scéil seo gur chóir go mbeadh carraigín ina sheilbh ag gach teaghlach. Tugtar oideas mionsonraithe sa scéal céanna ar shíoróip déanta as carraigín a chuirfidh an ruaig ar shlaghdán má óltar leathghloine de trí huaire sa lá. Níl cumhacht an charraigín teoranta le dáileadh béil amháin de réir dealraimh, moltar é a dhó agus a chur ar cheann an duine a bhfuil broincíteas nó asma air.

Is léir ón dáileadh logainmneacha ina luaitear feamainn gur ar an gcósta Atlantach ba mhó a aimsíodh í, nó gur ar aon taobh sin tíre ba mhó ar tugadh suntas di ar aon chuma. Deirtear sa scéal seo go raibh lá ar leith luaite le gach teaghlach sa cheantar le dul le feamainn a bhailiú agus mura raibh aon rud ann an lá sin, bhí orthu fanacht go dtí an chéad lá eile. Baile fearainn i nGaillimh é Ros an Duilisc agus léiríonn ainmneacha eile mar Cora na Feamainne agus Caladh na Feamainne na háiteanna is fearr leis na plandaí uisciúla seo a bhailiú. Má tá tú ar thóir duilisc, d’fhéadfá Cuas an Duilisc, Creagán DuiliscCarraig an Duilisc a thriail. Nó más spéis leat do ghallúnach féin a dhéanamh, seans go n-aimseofá a bhfuil uait in Oileán na CeilpeCarraig na Ceilpe.

Ón méid thuas is cinnte gur iomaí úsáid leathan a bhíodh, agus atá, ag feamainn - le gallúnach a dhéanamh, leis an aimsir a thuar agus mar chóir leighis, dar ndóigh. Cé gur léir gur ábhar luachmhar í, táimid ag ceapadh go bhfuil srianta éigin lena cumhacht, áfach, ach táimid muiníneach go leor nár tharla an Gorta de bharr go raibh daoine ag cnuasach feamainne seachas freastal ar Aifreann an Domhnaigh!