Gaois

'Dúiseoidh mé ón dtromsuan atá orthu anois seanfhocail a d’airigh mé fadó fadó':1 Cnuasach Sheáin Mhic Mhathúna curtha ar fáil Dúchas

Tá lúcháir orm cur in iúl go bhfuil an bailiúchán béaloidis a chruinnigh Seán Mac Mathúna (1876-1949), bailitheoir béaloidis páirtaimseartha do Choimisiún Bhéaloideas Éireann as an Luach Thuaidh, Co. an Chláir, ar fáil ar dúchas.ie anois i ndiaidh dom mo thráchtas PhD a chríochnú le déanaí. Líon Mac Mathúna cóipleabhair éagsúla le béaloideas na háite agus lena scríbhinní féin idir na blianta 1929 agus 1947. Theip ar a chuid sláinte ina dhiaidh sin ach choinnigh lucht an Choimisiúin i dteagmháil leis agus thug sé cabhair agus comhairle dóibh i dtaobh an bhéaloidis go dtí lá a bháis.

Seán Mac Mathúna, 1930

Seán Mac Mathúna, 1930 - www.duchas.ie/ga/cbeg/13371

fáil ar na bunlámhscríbhinní i gcartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ach rinneadh innéacsú ar na híomhanna scanta mar chuid den taighde dochtúireachta seo chun dialanna agus litreacha an bhailitheora mar aon leis an ábhar béaloidis ar fad a chnuasaigh sé a chur ar fáil don phobal ar shuíomh dúchas.ie. Is féidir teacht ar an méid seo ar fad ag an nasc seo.2

Rangaíodh an t-ábhar béaloidis ar fad i gCnuasach Mhic Mhathúna de réir na gcatagóirí atá leagtha amach sa leabhar, A Handbook of Irish Folklore (Ó Súilleabháin, 1942), agus innéacs na scéalta idirnáisiúnta, Innéacs Aarne Thompson Uther (ATU) (Uther, 2004) den chéad uair i rith an taighde mar go raibh bearnaí in Interim-Chlár na Lámhscríbhinní, Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Tá an Chatalóg ar fáil in Aguisín A ag deireadh mo thráchtais. Cuireadh uimhreacha ATU leis na scéalta seo ar an suíomh.

Scríobh Mac Mathúna an chuid is mó den ábhar óna chuimhne féin agus é ag breacadh liostaí focal Gaeilge ón gceantar síos agus ag freagairt na gceisteanna sa leabhar, A Handbook of Irish Folklore (Ó Súilleabháin, 1942). Baineann an t-ábhar seo le gnéithe den seanchas áitiúil go príomha: cur síos ar ranna an tí nó ar leigheasanna agus nósanna pósta, cuir i gcás. D’fhreagair Mac Mathúna ceistneoirí éagsúla le linn a ghairme freisin ar thopaicí amhail bataí scoir, bás agus breoiteacht, éadaí na ndaoine agus Lá ‘le Mártan.

Chuirfeadh sé iontas ar dhaoine, b’fhéidir, gur bhailigh Mac Mathúna, fear nár phós riamh, stór béaloidis substaintiúil ó mhná agus faoi mhná ina cheantar dúchais féin le linn a ghairme. Ina measc siúd tá amhráin, scéalta agus eolas ann maidir le nósanna breithe (mná cabhracha, nós an choisreacain), éadaí na mban agus obair na mban. Tá tábhacht ar leith ag baint le cnuasaigh bhéaloidis ar nós Chnuasach Mhic Mhathúna mar go bhfuil daoine in ann teacht ar eolas faoi thaithí agus saol na mban thart faoi lár an fichiú haois iontu, go háirithe mar go bhfuil taifid gann ina leith ó pheirspictíocht na mban iad féin sa tréimhse seo, mar shampla, litreacha nó dialanna a scríobh mná. Ní mór taighde a dhéanamh ar an gceist seo i réimse an bhéaloidis i gceantair eile in Éirinn chun tuiscint níos fearr a fháil uirthi.

Cé go raibh an obair anailíse i mo thaighde dochtúireachta dírithe ar ról agus ar léiriú na mban mar a rinneadh cur síos orthu sa Chnuasach seo, tá go leor ábhar ann a bhaineann le caithimh aimsire, obair agus nósanna na bhfear freisin, mar shampla, cluichí a d’imríodh fir ar nós tarraingt na téide agus cuntais ar obair na bliana ar na feirmeacha sa cheantar máguaird. Tá bailiúchán breá ann de na seanscéalta fada a bhailigh sé ó scéalaithe den scoth amhail Seán Carún as an Luach Theas agus Stiofán Ó hEalaoire a chónaigh i mBaile Uí Bháire agus i nDún na gCorr. Ceann de na rudaí is iontaí a tháinig chun cinn i rith an taighde ná go raibh gaol gairid idir Mac Mathúna agus an scéalaí clúiteach ón gceantar céanna, Stiofán Ó hEalaoire. Thug Mac Mathúna col ceathrair ar Stiofán ach col cúigir leis ab ea é i ndáiríre. Ba é Stiofán duine de phríomhfhaisnéiseoirí Mhic Mhathúna.

Stiofán Ó hEalaoire

Stiofán Ó hEalaoire - www.duchas.ie/ga/cbeg/11747

Choimeád Séamus Ó Duilearga, Stiúrthóir Oinigh Choimisiún Bhéaloideas Éireann, gach litir a scríobh Mac Mathúna mar gur chreid sé go gcuirfeadh daoine spéis iontu óir taisce fíorshaibhir iad den chanúint Gaeilge áitiúil, Gaeilge an Luaigh Thuaidh. Ba rud thar a bheith eisceachtúil é nuair a d’iarr Ó Duilearga ar Mhac Mathúna dialann a choimeád mar gur nós é a bhain le dualgais an bhailitheora lánaimseartha. Déanann Mac Mathúna cur síos ar a chuid turais ar thóir an bhéaloidis agus ar rudaí a thit amach ina shaol pearsanta nó eachtraí stairiúla sa tír iontu, mar shampla, an Reifreann ar Bhunreacht na hÉireann. Faightear léargas ar shaol na ndaoine i rith Aimsir na hÉigeandála iontu freisin agus léiríonn Mac Mathúna na deacrachtaí a chruthaigh an chiondáil dó agus é i mbun bailithe.

D’fhan Mac Mathúna tiomanta dá chuid oibre: ‘ní bhrisfeadh mé an seanpheann meirgeach seo agamsa fós’ (Comhfhreagras CBÉ, 26.7.1937. Litir ó Mhac Mathúna chuig Séamus Ó Duilearga). Oibrí feirme ab ea Mac Mathúna ar feadh a shaoil agus thug sé 'an rún (.i. rámhainn) a bhfuil an feac éadrom inti' ar a pheann freisin (CBÉ 426: 267). Chuaigh sé ag tochailt i ngort an bhéaloidis i gceantar an Luaigh Thuaidh agus tháinig sé ar sheoda.

Tá súil agam nach mbeidh ainm Mhic Mhathúna ligthe i ndearmad as seo amach. Ná caill an deis roinnt ama a chaitheamh i gcuideachta Sheáin Mhic Mhathúna agus scéalaithe an cheantair seo in iarthuaisceart an Chláir. 'Nach againn do bhíodh an saol breá soilbhir suairc gach turas do thugtaí ar an Luach, nuair do thugtaí an seanaimsir Gaelach draíochtach aoibhinn ar ais ar feadh aga na huaire' (Comhfhreagras CBÉ, 8.2.1949. Litir ó Mhac Mathúna chuig Séamus Ó Duilearga).

Údar: Michelle Dunne

1: Comhfhreagras CBÉ, 7.7.1937. Litir ó Mhac Mathúna chuig Séan Ó Súilleabháin, Cartlannaí Choimisiún Bhéaloideas Éireann.
2: Tá líon beag leathanach a bhaineann le Cnuasach Mhic Mhathúna sna himleabhair seo a leanas: 593, 651, 657, 1142, 1143, 1144 agus 1145, nach bhfuil ar fáil fós. Cuirfear iad sin leis an suíomh amach anseo.