Gaois

Tuairisc ar obair 2023

Blog post is available in Irish only

Agus dúluachair na bliana ag teannadh linn, seo thíos spléachadh ar a raibh ar bun ag foireann Gaois i rith 2023.

Cúrsaí téarmeolaíochta

Cuid de lucht téarmeolaíochta na tíre – idir Gaois agus an Coiste Téarmaíochta – ar thuras téarmeolaíochta go Barcelona

Chomh maith le bheith ag moladh, ag úsáid, agus ag cruthú téarmaí ó lá go lá, rinneadh taighde i mbliana ar úsáid, ar theagasc agus ar fhorbairt na teármaíochta. Bhí Jamie Murphy agus Ciaran Mac Murchaidh ag plé le cumadh na téarmaíochta ón mbonn aníos i leith théarmaíocht LADTA+ i measc na dteangacha Ceilteacha. D'eascair páipéir agus ailt éagsúla as an taighde seo agus beifear ag súil le tuilleadh a dhéanamh ar an obair seo sa bhliain atá amach romhainn. D’fhreastail cuid den fhoireann ar Chruinniú Mullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (EAFT) i mBarcelona i mí na Samhna. Phléigh Úna Bhreathnach agus Gearóid Ó Cleircín Terminologue mar acmhainn teagaisc agus labhair Michal Měchura ar laofacht inscne sa mheaisínaistriúchán.

Foilsíodh Terminology Science & Research/Terminologie: Science et Recherche No. 26 (2023): Terminology in Challenging Circumstances, agus Úna Bhreathnach ina comheagarthóir air. Tá sé bunaithe ar chuid de na cainteanna a tugadh ag Cruinniú Mullaigh EAFT, a reáchtáil muid go fíorúil anseo i 2021.

Seans go bhféadfaí ‘téarma na bliana’ a bhaisteadh ar cheann acu seo: fitspo = spreagadh na sláintiúlachta hoverboard, self-balancing vehicle = gluaischothromán podcatcher = podghabhálaí regenerative tourism = turasóireacht athspreagthach seated e-scooter = suí-scútar leictreach

Ainmneolaíocht

Tá togra idir lámha againn ar thionscadal Logainm i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha agus leis na húdaráis áitiúla chun leaganacha cruinne Gaeilge a sholáthar do bhreis agus 13,200 sráidainm. D’fhoilsigh an Irish Times alt fada faoi thaighde na sráidainmneacha níos túisce i mbliana. Anuas air sin bhí cuairt Erasmus+ againn i mí na Samhna ón Dr Peder Gammeltoft, as Ollscoil Bergen agus UNGEGN, chun caighdeánú agus foilsiú logainmneacha a phlé.

Fógraíodh ar an 5 Iúil gur bhuaigh Brian Ó Raghallaigh, Michal Boleslav Měchura, Angus Ó Fionnagáin agus Sophie Osborne an duais don alt is fearr in iris Names, 2021 (bhí moill air de bharr COVID). Is féidir an t-alt, faoi bhunachar sloinnte Gaois, a léamh anseo.

Beathaisnéisí

Cúis bhróin dúin uile a chloisteáil, ag deireadh na Samhna, gur cailleadh Diarmuid Breathnach, comhúdar ar an tsraith Beathaisnéis, ainm.ie anois. Rinne sé éacht le hoidhreacht liteartha na Gaeilge a chur os comhair an tsaoil. B’onóir a bheith ag obair leis agus na beathaí á ndigitiú againn os cionn deich mbliana ó shin.

Foilsíodh 11 bheatha nua ar Ainm: Úna Ní Mhaoileoin (1927-1994), Albert Fry (1940-2021), Máire Uí Fhlatharta (1930-2020), John Heely (1759-1831), Cáit Ruiséal (1860-1941), Máire Ruiséal (1855-1949), Liam Ó Dúlacháin (1928-2001), Úna Ní Chualáin (1871-1929), Seán Ó Dioráin (Seáinín Tom Sheáin) (1873-1939), Séamas Céitinn (1925-2020); Colm Ó hIarnáin (1871-1924).

Béaloideas

Ar Nollaig na mBan, seoladh suíomh nua idirlín in Árainn a roinneann blaiseadh de Bhailiúchán Béaloidis Árann, bailiúchán pobail atá breis agus fiche bliain ag fás. Ba mhór an chúis áthais an spéis a cuireadh san ócáid agus an fháilte a cuireadh romhainn.

Rinneadh go leor oibre eile ar chúrsaí béaloidis i mbliana. Seoladh suíomh nua Dúchas ar an 15 Meitheamh ag ócáid i Músaem Litríochta na hÉireann. Ba é an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a sheol an suíomh nua. Cé nár athraíodh stíl an tsuímh mórán, rinneadh athscríobh ó bhonn air agus é feabhsaithe ar go leor bealaí. Tá iliomad scagairí nua ar fáil don chuardach, i dteannta le léarscáil nua agus feabhas ar an mbunachar daoine. Seoladh cnuasach béaloidis Sheáin Mhic Mhathúna in éineacht leis an suíomh nua tar éis don Dr Michelle Dunne a taighde dochtúireachta ar an ábhar a chur i gcrích.

Ní hamháin sin, ach cuireadh an ceathrú bailiúchán leis an suíomh i mbliana, an Bailiúchán Fuaime. Tá 87 uair an chloig de thaifeadtaí fuaime anseo, ábhar Gaeilge agus Gaeltachta den chuid is mó, a taifeadadh i lár na haoise seo caite. Cuirfear tuilleadh ábhair fuaime leis an mbailiúchán de réir a chéile. Faoin am a raibh an tOireachtas ann, bhí 250 grianghraf eile againn le seoladh, portráidí d'fhaisnéiseoirí a ghlac oibrithe agus cairde Choimisiún Béaloideasa Éireann.

Ag seoladh thaispeántas grianghraf Dúchas ag an Oireachtas

Chuir muid suirbhé ar na baill ba ghníomhaí de Mheitheal Dúchas.ie, an 65 duine a raibh 1,000+ leathanach tras-scríofa acu, agus chuir muid na torthaí i láthair ag comhdháil i mBéal Feirste.

Díchódú Oidhreachtaí Folaithe

Ag deireadh an tsamhraidh 2023 ritheadh ár samhlacha peannaireachta ar 100 imleabhar ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní chun na tras-scríbhinní uathoibrithe a ghiniúint a úsáidfear le hanailísí éagsúla corpais a dhéanamh ar sheanscéalta béaloidis na hÉireann le hais sheanscéalta béaloidis na hAlban tríd an tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe. D’éirigh linn 3.8 milliún focal de sheanscéalta béaloidis a thras-scríobh go huathoibríoch is a easportáil tríd an obair seo agus cuireadh na tras-scríbhinní seo ar fáil dár bpáirtnéirí in Albain i dtosach an gheimhridh.

I dtosach an fhomhair 2023 d’éirigh linn Types of the Irish Folktale (Ó Súilleabháin 1963), an chatalóg is tábhachtaí de scéalta béaloidis na hÉireann, a thras-scríobh go huathoibríoch agus leagan digiteach i bhformáid .tsv a ghiniúint. Lamhálfaidh an dul chun cinn seo dúinn an uimhir AT is cruinne de réir mhórshaothar an tSúilleabhánaigh a nascadh go beacht lenár míreanna ar dúchas.ie, don Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní agus do Bhailiúchán na Scol araon, rud a chuirfidh le cruinneas agus le feidhmiúlacht an tsuímh mar fhoinse údarásach agus scolártha i ngort na scéalaíochta idirnáisiúnta amach anseo.

Ina theannta sin, bailíodh gach oscailt agus dúnadh, na línte tosaigh agus na línte deiridh, a fuarthas i ngach leagan de na seanscéalta béaloidis AT 400 agus 425 ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, ó Bhailiúchán na Scol agus ó na foinsí cló a thugtar in Types of the Irish Folktale. Rangaíodh iad agus rinneadh taighde ar na struchtúir agus ar an éagsúlacht leo a fhaightear ó cheann ceann na hÉireann.

Léigh Andrea Palandri aiste a scríobh sé i gcomhair an chláir raidió Aistí ón Aer (Raidió na Gaeltachta, Meitheamh) ar ghnéithe áirithe den taighde atá ar bun againn tríd an tionscadal seo.

Cúrsaí corpais

Sheol muid leagan béite den Chorpas Monatóireachta ag an Oireachtas. Cuireann CMG-Béite ar ár gcumas athruithe san úsáid teanga a chuardach agus a scrúdú, mar shampla: cén bhliain inar úsáideadh focail áirithe den chéad uair dála COVID agus Breatimeacht. Cuireadh an obair i láthair ag cúpla ócáid i rith na bliana, agus pléadh go mion é ag ceardlann taighde ar an 1 Nollaig.

Cuid de Choiste Comhairliúcháin an Chorpais ag a gcruinniú ar 1 Nollaig

Scéalta eile

Ó thaobh na teicneolaíochta de, rinneamar athrú mór i mbliana thar ár gcuid suíomhanna ar fad nuair a bhogamar ó Google Analytics go dtí Plausible le haghaidh cúrsaí anailísíochta, i.e. bailiú staitisticí úsáide, e.g. amais, cuairteanna, cuairteoirí, cuardaigh.

Bhain muid an-sult as féile haiceála a eagrú ar an 29 Samhain, féile ar fhreastail daltaí as Coláiste Íosagáin agus mic léinn as DCU, Coláiste na Tríonóide agus UCD uirthi.

Mícheál J. Ó Meachair ag bronnadh duaise ar bhuaiteoir na Féile Haiceála 2023, David King. D’fhorbair David cluiche a tharraing ar scéalta as contaetha éagsúla i mBailiúchán na Scol le cluiche “Tomhais an Contae” a fhorbairt. Bhí na moltóirí gafa go hiomlán ag an gcluiche!

Seo spléachadh ar chluiche David, áit a raibh an téacs le léamh, saintréithe canúna le haithint, agus contae le roghnú sula raibh an seal ama istigh.

B'iad ChatGPT agus BingChat scéalta móra teicneolaíochta na bliana agus bhí Mícheál J. Ó Meachair ag dul i ngleic le ról na ngiollaí AI seo in alt san iris Nós. Táimid ag déanamh taighde ar na teicneolaíochtaí nua seo agus súil á coimeád againn ar gach dul chun cinn. Bí cinnte go mbeidh casadh eile i scéal na hintleachta saorga in 2024.

Ar ndóigh, bíonn nasc dlúth idir Gaois agus mic léinn na Gaeilge. Bhí deis ag mic léinn an MA i Léann na Gaeilge foghlaim faoi chúrsaí corpais agus a gcuid corpas féin a chruthú is a thástáil; thug mic léinn fochéime faoi obair théarmeolaíochta. Bhí deis againn arís i mbliana glacadh le mic léinn taithí oibre ó DCU (an MA san Aistriúchán), UL agus UCD agus ba deas linn Abaigéal, Ruadhán, Orla, Molly, agus Louis a bheith linn i rith an tsamhraidh. Tá ár gcuid mac léinn dochtúireachta ag obair leo go dian ar chúrsaí logainmníochta, ainmneolaíochta agus béaloidis, agus bhí áthas orainn gur bronnadh céim PhD ar Michelle Dunne i mí an Mhárta agus ar Jamie Murphy i mí na Samhna.

An Dr Jamie Murphy le hUachtarán DCU, Daire Keogh.

Chuir muid páipéir i láthair ag ócáidí i mBarcelona, i Lancaster, sa Bhruiséil, i Mannheim, agus ar fud na hÉireann, agus foilsíodh cúpla alt a bhain leis na tionscadail nó le réimsí taighde a bhfuil spéis ag an bhfoireann iontu. Seo thíos iad.

Foilseacháin faoin ainmneolaíocht:

Faoin téarmeolaíocht:

  • Gearóid Ó Cleircín; Úna Bhreathnach (2023) ‘Terminologue as a teaching resource for terminology - assessing the user experience’, Cruinniú mullaigh EAFT, Barcelona.
  • Úna Bhreathnach; Gearóid Ó Cleircín (2023) ‘Domain (re)conquest in the case of Irish: a qualified success?’ Terminology: Domain Loss and Gain, an Bhruiséil.
  • Jamie Murphy; Ciarán Mac Murchaidh (2023) 'Méadú réimse i dtéarmaíocht LADTA+ sa Ghaeilge agus i mionteangacha eile', Comhar, 83(6).
  • Jamie Murphy; Gearóid Ó Cleircín (2023) ‘Taighde téarmaiméadrachta i réimse na teicneolaíochta faisnéise’, Teangeolaíocht na Gaeilge, Baile Átha Cliath, 8–9 Meitheamh 2023.
  • Jamie Murphy; Ciarán Mac Murchaidh (2023) ‘Méadú réimse i dtéarmaíocht LADTA+ sa Ghaeilge agus i mionteangacha eile’, Translation Studies Network of Ireland, 3rd Annual Conference, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
  • Jamie Murphy; Ciarán Mac Murchaidh (2023) ‘Domain gain in LGBTQ+ terminology in Irish and other minority languages’ Terminology: Domain Loss and Gain, an Bhruiséil.
  • Jamie Murphy; Ciarán Mac Murchaidh (2023) ‘An pobal LADTA+ agus téarmaíocht na Gaeilge’, RTÉ Brainstorm.

Faoi chúrsaí corpais:

  • Mícheál J. Ó Meachair; Úna Bhreathnach; Brian Ó Raghallaigh; Gearóid Ó Cleircín (2023) ‘Balance and Representativeness in the Compilation of the National Corpus of Irish (CNG)’ Corpus Linguistics 2023 (CL2023), Lancaster Shasana. Páipéar Comhdhála.
  • Úna Bhreathnach; Brian Ó Raghallaigh (2023) ‘Transforming and researching the news: the National Corpus of Irish project’, Seimeanár FIAT IFTA MMC.
  • Marc Kupietz, Adrien Barbaresi, Anna Cermakova, Mgorzata Czachor, Nils Diewald, Jarle Ebeling, Signe Oksefjell Ebeling, Rafał Górski, John Kirk, Michal Křen, Harald Lüngen, Mícheál Ó Meachair, Ines Pisetta, Elaine Uí Dhonnchadha, Friedemann Vogel, Rebecca Wilm and Jiajin Xu (2023) ‘News from the International Comparable Corpus: First launch of ICC written’, in 10th International Contrastive Linguistics Conference (ICLC-10), Mannheim na Gearmáine, 18–21 Iúil. Páipéar Comhdhála.

Faoin mbéaloideas:

  • Úna Bhreathnach; Justin Ó Gliasáin; Ronan Doherty; Críostóir Mac Cárthaigh; Deirdre Ní Chonghaile; Brian Ó Raghallaigh (2023) ‘Access to an island archive: Bailiúchán Béaloidis Árann’ Turning The Wheel: Access To Archives – Tradition And Variation (ICA-SUV) Baile Átha Cliath.
  • Andrea Palandri, Barbara Hillers, Beatrice Alex, Brian Ó Raghallaigh, Críostóir Mac Cárthaigh, Jamshid Tehrani, Monica Marion, Tiber Falzett & William Lamb (2023) ‘Providing full-text access to Scottish and Irish folklore archives: Decoding Hidden Heritages’. ICA-SUV Conference 2023 - Turning The Wheel: Access To Archives – Tradition And Variation. University College Dublin, Ireland, 29-31 May 2023.
  • Úna Bhreathnach; Deirdre Ní Chonghaile; Justin Ó Gliasáin; Tiber Falzett; Ronan Doherty; Brian Ó Raghallaigh; Críostóir Mac Cárthaigh; Bairbre Uí Chonaill; Áine Uí Fhlaithearta (2023) ‘The folklore of Árainn collected by islanders: Bailiúchán Béaloidis Árann’ SIEF (International Society for Ethnology and Folklore), SIEF2023, Brno, 7–10 Meitheamh 2023.
  • Tiber Falzett, Brian Ó Raghallaigh, Andrea Palandri et al. (2023) ‘Enhancing access to Scottish and Irish traditional narrative: Decoding Hidden Heritages’, SIEF2023, Brno, 7–10 Meitheamh 2023.
  • Alma Ní Bhroin (2023) ‘Cuntas ar roinnt gnéithe suimiúla teanga a fheictear sna scéalta béaloidis a bhailigh Úna Ní Chualáin ó Cholm Ó hIarnáin in Árainn, Co. na Gaillimhe’ Ollscoil Mhá Nuad.
  • Barbara Hillers, Brian Ó Raghallaigh, Andrea Palandri et al. (2023) ‘Mining the Celtic Folklore Archives: Decoding Hidden Heritages in Gaelic Traditional Narrative’, ICCS, Utrecht, 24–28 Iúil 2023.
  • Jonny Dillon, Ailbe Van der Heide, Úna Bhreathnach, Gearóid Ó Cleircín, Ronan Doherty (2023) ‘Investigating motivations of ‘super transcribers’ in the Meitheal Dúchas.ie folklore initiative’ ag Archives and Records Association, Béal Feirste, 30 Meán Fómhair 2023.

Faoi bheathaisnéisí:

  • Alma Ní Bhroin (2023), ‘Úna Ní Chualáin (1871-1929)’ in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=5079
  • Alma Ní Bhroin (2023), ‘Colm Ó hIarnáin (1871-1924)’ in ainm.ie: An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=5082
  • Orlaith Hickey (2023), ‘“A body of loss”: Marginalised women in the Irish written record and the role of the Ainm biographical database in the recovery of women’s stories’. Women’s History Association Annual Conference, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
  • Orlaith Hickey (2023), ‘Staidéar ar ról imeallach na mban i ndoiciméadú na Gaeilge: Ról www.ainm.ie in athshlánú scéalta ban’. Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise, Ollscoil Ghlaschú.

Faoi rudaí eile ar fad:

  • Jamie Murphy (2023) ‘Synge san Aistriúchán’, an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge, Gaillimh.
  • Jamie Murphy (2023) ‘Teoiric an Aistriúcháin & Synge san Aistriúchan’, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD.
  • Andrea Palandri (2023) ‘The scribe of Rennes MS 598 and translation literature in 15th century West Cork’. A Cork manuscript in Brittany: Rennes MS 598, 29 Meán Fómhair 2023.

*Tá na sonraí uile ceart don bhliain 01.12.22 - 01.12.23