a chuid agus a chlú
Figurative idiomHeadwords
Description
Dea-cháil, dea-ainm an duine.
Corpus examples
Dubhairt tuilleadh acu nár bh'é ach gur bh'é an Daghdha Dearg é. B'é críoch an aighnis acu é gur shocruigheadar 'n-a n-aigneadh gur bh'é Manannán mac Lir é. D' fhan an t-airgead ar bhrat Thaidg. Bhí a chuid agus a chlú ag Tadhg.
Gobnait. - Agus dáltha an sgéil, feuch gur beag d'á bhuidhchas a bhí air. Bhí a chuid a's a chlú aige ag imtheacht dó. Cáit. - Ciacu clú, a Ghobnait, clú na macántachta nó clú na diablaidheachta? Gobnait. - Maith an áit go rabhais, a Cháit.
Tadhg: Thánadar i bhfochair a chéile agus dhéineadar cómhairle, má 'sé do thoil é, agus ghealladar d'á chéile go daingean, ná dúnfidís féin aon tigh tabhairne Lá 'le Pádraig, pé rud a bhí le h-imtheacht ortha! Donchadh: Agus cad a bhí acu de bhár na comhairle sin, agus de bhár na geallamhna, má fhan na daoíne ar an dtaobh amuich de dhorus acu? Bainfar casadh as an sean-fhocal dóibh. "Ní raibh a gcuid 'ná a gclú acu." Tadhg: Ní misde dhuit an sean-fhocal d' fhágáilt mar atá sé acu. "Tá a gcuid agus a gclú acu"; droch chuid agus droch chlú.
Additional examples
Tá do chuid is do chlú agut. You have (saved) both your property and your good name.
Bhí "a chuid a's a chlú aige", he had "his property and his character"; - said of a person who offers something which is refused; he still has it, and has also the credit of having given it.
Ta do chuid as do chlú agat = duine foghanta.
4. (Of means of subsistence) Tá do chuid is do bhuíochas (do chlú, d'oineach) agat, "you have your meat and your manners," thanks for your offer.
Do chuid is do chlú. Beidh sé seo ag duine má thairgeann sé rud a dhéanamh le dea-chroí, agus go bhfaightear amach nach bhfuil aon ghá leis, nó nach féidir é a dhéanamh.
Do chuid is do chlú agat. An t-ainm is an luach saothair agat, críoch agus rath ar an obair.