aghaidh bhéil a thabhairt (ar)
Pure idiomHeadwords
Description
Íde béil; aghaidh a chraois a thabhairt ar dhuine.
Corpus examples
Chuir an t-amadán béic eile as ba threise agus dob' aoirde 'ná an chéad bhéic. D'iompuigh an sagart agus do labhair sé. Thug sé aghaidh bhéil ar an bpobul go fíochmhar agus go feargach. Do chas sé leó an peacadh a bhí acu 'á dhéanamh le gan iad féin d'iompar istigh i dtigh Dé agus an t-Aifreann ar siubhal.
D'á éaghmais sin tá sé nímhneach, teasaidhe, droch mhiotalach, tartmhar, ocrach, neamhfhoidhneach, agus mura bhfriotháltar chun a thoile é, agus i n-am, sa teaghlach 'na dtéidhean sé, tugan sé aghaidh bhéil ar mhuintir an teaghlaigh sin agus ní fearrde iad é an chuid eile d'á saoghal.
Bíodh gur chuir Bharus na stiúrthóirí chun báis agus gur thug sé an aghaidh bhéil chruaidh úd ar Iúdaígh na catharach níor chuir san aon tsuaineas ró mhór ar an dtír ná ar an gcathair.
Cross-references
Additional examples
Thug sé aghaidh-béil air = thug sé an teanga go tréan do – thug sé cabhais troda dho.
aghaidh béil, a great scolding
Thug sé dhó ó thalamh é. Thug sé íde na muc is na madraí air. Thug sé aghaidh béile dó. Do labhair sé go feargach agus go faobhrach leis. Níor fhág sé thoir ná thiar é.